An tAifreann Naofa


An tAifreann Naofa

10.00
Moide costas seachadta / plus delivery

Is mar chabair do shagairt atá toilteanach feidhmiú ar na meithil Aifrinn ach a bhfuil beagán meirge ar a gcuid Gaeilge, atá an dlúthdhiosca agus an leabhrán seo curtha le chéile ag an gCoiste Tréadach. Tá súil againn go mbeidh siad mar mhisniú agus mar thaca acu agus iad ag freastal ar Phobal Dé le Gaeilge in Ard-Deoise Átha Cliatha, in áiteanna eile ar fud na tíre agus fiú thar lear. Is féidir le sagairt leas a bhaint as an dlúthdhiosca agus as an leabhrán ag ullmhú do na sacraimintí agus do ócáidí speisialta – Lá Fhéile Pádraig, Aifrinn Éagnairce, comóradh naoimh, comóradh áitiúla agus uair ar bith a mbíonn gá le cruinneas fuaime agus le téacs cruinn.

Browse this category: Baile / Home